Contents
ToggleCommon prayers
The Sign of the Cross
In the name of the Father,
And of the Son,
And of the Holy Spirit.
Amen.
Comhartha na Croise
In ainm an Athar,
Agus an Mhic,
Agus an Spiorad Naomh.
Áiméan.
Our Father
Our Father, who is in heaven,
Hallowed be your name.
Your kingdom come,
Your will be done on earth as it is in heaven.
Give us this day our daily bread,
And forgive us our trespasses,
As we forgive those who trespass against us,
And lead us not into temptation,
But deliver us from evil.
Amen.
Ár nAthair
Ár nAthair, atá ar neamh,
Go naofar d’ainm,
Go dtaga do ríocht,
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
Agus maith dúinn ár bhfiacha,
Mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin,
Agus ná lig sinn i gcathú,
Ach saor sinn ó olc.
Áiméan.
Hail Mary
Hail Mary, full of grace,
the Lord is with you.
Blessed are you among women
and blessed is the fruit of your womb, Jesus.
Holy Mary, Mother of God,
pray for us sinners
now and at the hour of our death.
Amen.
Sé do bheatha, a Mhuire
Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta,
Tá an Tiarna leat.
Is beannaithe thú idir mná
Agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa.
A Naomh Mhuire, a mháthair Dé,
Guigh orainn na peacaigh,
Anois agus ar uair ár mbáis.
Áiméan.
Glory be
Glory be to the Father,
And to the Son,
And to the Holy Spirit,
As it was in the beginning,
Is now,
And ever shall be,
World without end.
Amen.
Glóir don Athair
Glóir don Athair,
Agus don Mhac,
Agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ó thús,
Mar atá anois,
Mar a bhéas go brách,
Le saol na saol.
Áiméan.
Prayer to Mary
Mary, Mother of Jesus,
I want to live and love like you.
I want to love the Father.
I want to love like Jesus.
Mother of Jesus, blessed are you.
Mother of Jesus, my mother too,
Help me to live like Jesus,
And help me to live like you.
Amen.
Paidir do Mhuire
A Mhuire, a mháthair Íosa,
Ba mhaith liom maireachtáil cosúil leat.
Ba mhaith liom grá a thabhairt don Athair.
Ba mhaith liom a bheith gráúil ar nós Íosa.
A Mháthair Íosa, is beanaithe thú,
A Mháthair Íosa, is tú mo mháthair freisin,
Cuidigh liom maireachtáil ar nós Íosa
Agus cuidigh liom maireachtáil cosúil leatsa freisin.
Áiméan.
To the Guardian Angel
Angel of God, my guardian dear,
To whom God’s love commits me here,
Ever this day/night be at my side,
To light and guard,
To rule and guide.
Amen.
Paidir chuig an Aingeal Coimhdeachta
A Aingil dhíl Dé, cuir mé faoi do smacht,
Mar d’ordaigh Mac grámhar Dé ina reacht.
Seas le mo thaobh gach am den lá/oíche,
Soilsigh is cosain,
Is seol mé slán.
Áiméan.
Morning prayer
O Jesus, through the most pure heart of Mary,
I offer you all my prayers, works, joys and sufferings of this day,
For all the intentions of your Divine Heart.
Amen.
Paidir na Maidine
A Íosa, trí chroí ró-gheanmnaí na Maighdine Muire,
Ofrálaim duit paidreacha agus gníomhartha, sóláis agus dóláis an lae inniu,
Ar intinní uile do Chroí Ró-naofa.
Áiméan.
Night prayer
God our Father, I come to say,
Thank you for your love today.
Thank you for my family,
And all the friends you give to me.
Guard me in the dark of night,
And in the morning send your light.
Amen.
Paidir na hOíche
A Dhia, a Athair, molaim thú
As ucht do chineáltais liom inniu.
As ucht mo chairde molaim thú.
Agus as an teaghlach a thug tú dom.
I ndorchadas na hoíche cosain mé
Solas na maidine go bhfeice mé.
Áiméan.
God hear my prayer
God in heaven hear my prayer
Keep me in your loving care.
Be my guide in all I do,
Bless all those who love me too.
Amen.
A Dhia, éist le mo ghuí
A Dhia ar neamh éist le mo ghuí,
I do chúram ghrámhar coinnigh mé.
Bí mo threoir i ngach a dhéanaim,
Is beannaigh cách a thugann grá dom.
Áiméan.
Act of Sorrow
O my God I thank you for loving me.
I am sorry for all my sins.
For not loving others and not loving you.
Help me to live like Jesus
And not to sin again.
Amen.
Gniomh Dóláis
A Dhia, gabhaim buíochas leat as ucht do ghrá dom.
Tá brón orm faoi mo pheacaí uile.
Nach raibh grá agam duitse ná do dhaoine eile.
Cabhraigh liom mo shaol a chaitheamh ar nós Íosa
Agus gan peaca a dhéanamh arís.
Áiméan.
Grace before meals
Bless us O God as we sit together.
Bless the food we eat today.
Bless the hands that made the food.
Bless us O God.
Amen.
Altú roimh bhia
Beannacht ó Dhia orainne atá ag suí chun boird le chéile.
Beannacht ar an mbia a ithimid inniu.
Beannacht ar na lámha a d’ullmhaigh dúinn é.
Beannacht a Dhia dílis orainn féin.
Áiméan.
Grace after meals
Thank you God for the food we have eaten.
Thank you God for all our friends.
Thank you God for everything.
Thank you God.
Amen.
Altú tar éis bia
Go raibh maith agat, a Dhia, mar is tú a thug bia dúinn.
Go raibh maith agat, a Dhia, mar is tú a thug cairde dúinn.
Go raibh maith agat, a Dhia, mar is tú a thug gach rud dúinn.
Go raith maith agat, a Dhia.
Áiméan.
Walk with me
God our loving Father
We come to you today.
Be with us, hear us, guide us
In all we do and say.
You give us times and seasons,
Your Spirit makes us grow.
In times of joy and sadness,
We see your blessings flow.
I place my life before you
In all my work and play.
I’ll try to walk with Jesus,
And in his friendship stay.
Amen.
Siúl liom
A Dhia ár nAthair grámhar
Tagaimid chugat inniu.
Bí linn, éist linn, treoirigh sinn
I ngach a dhéanaimid.
Tugann tú tráth is séasúir dúinn,
Do Spiorad a chabhraíonn linn fás.
Más áthas nó brón atá orainn,
Feicimid do bheannachtaí is do ghrás.
Cuirim romhat mo shaol ar fad
Mo chuid oibre agus spraoí.
Déanfaidh mé iarracht siúl le hlosa,
Agus ina chairdeas fan i gcónaí.
Áiméan.
Breathe in me, O Holy Spirit
Breathe in me, O Holy Spirit, that my thoughts may all be holy.
Act in me, O Holy Spirit, that my work, too, may be holy.
Draw my heart, O Holy Spirit, that I love but what is holy.
Strengthen me, O Holy Spirit, to defend all that is holy.
Guard Me, then, O Holy Spirit, that I always may be holy.
Amen.
Análaigh ionam, a Spioraid Naoimh
Análaigh ionam, a Spioraid Naoimh, go mbeadh mo smaointe go hiomlán naofa.
Gníomhaigh ionam, a Spioraid Naoimh, go mbeadh mo chuid oibre, freisin, naofa.
Tarraing mo chroí, a Spioraid Naoimh, gur breá liom an méid is naofa.
Neartaigh mé, a Spioraid Naoimh, chun cosaint a bhfuil sa saol naofa.
Coimeád slán mé, a Spioraid Naoimh, go mbeinn i gcónaínaofa.
Áiméan.
Prayer before Holy Communion
Lord Jesus, come to me.
Lord Jesus, give me your love.
Lord Jesus, come to me and give me yourself.
Lord Jesus, friend of children, come to me.
Lord Jesus, you are my Lord and my God.
Praise to you, Lord Jesus Christ.
Amen.
Paidir roimh Chomaoineach
A Thiarna Íosa, tar chugam.
A Thiarna losa, tabhair dom do ghrá.
A Thiarna Íosa, tar chugam agus tabhair tú féin dom.
A Thiarna Íosa, a chara na bpáistí, tar chugam.
A Thiarna losa, is tú mo Thiarna agus mo Dhia.
Moladh leat, a Thiarna Íosa Críost.
Aiméan.
Prayer after Holy Communion
Jesus, I love and adore you.
You’re a special friend to me.
Welcome, Lord Jesus, O welcome,
Thank you for coming to me.
Thank you, Lord Jesus, O thank you,
For giving yourself to me,
Make me strong to show your love
Wherever I may be.
Be near me, Lord Jesus,
I ask you to stay
Close by me for ever and love me, I pray,
Bless all of us children in your loving care,
And bring us to heaven to live with you there.
I’m ready now, Lord Jesus,
To show how much I care,
I’m ready now to give your love
At home and everywhere.
Amen.
Paidir tar éis Comaoineach
A Thiarna losa, gráim agus adhraim thú.
Is tú mo chara dílis.
Fáilte romhat, a Thiarna Íosa.
Go raibh maith agat as teacht chugam.
Go raibh maith agat, a Thiarna Íosa,
As ucht tú féin a thabhairt dom.
Cabhraigh liom do ghrá a léiriú
Cibé áit a mbím.
Bí taobh liom, a Thiarna Íosa,
Fan in aice liom go deo.
Beannaigh sinn, na paistí, atá faoi do chúram
Agus tabhair ar neamh sinn chun chónaithe leat féin.
Táim réidh anois, a Thiarna Íosa,
Tá grá agam go leor.
Táim réidh anois le do ghrá a thabhairt
Sa bhaile is don saol mór.
Áiméan.
Prayer to Saint Michael
Blessed Michael, Archangel,
defend us in the hour of battle.
Be our safeguard against the wickedness
And snares of the devil.
May God restrain him, we humbly pray
And do you, O Prince of the heavenly host,
By the power of God,
cast Satan down to hell and with him all the wicked spirits
who wander through the world for the ruin of souls.
Amen.
Paidir Naomh Mícheál
A Naoimh Mícheál Árdaingeal
cosain sinn i n-am an chatha.
Bí mar dhídean againn in aghaidh urchoírde
Agus chealgaireachta an diabhail.
Go mbagruighidh Dia air, athchuinghimíd go humhal
Agus dean-sa a cheannphuirt na sluaighte neamhdha an t-aidhbheirseoir céadna a theilgean síos síos go hifreann,
Tré chómhacht Dé,
Agus ina theannta sin na hainsoioraid eile atá ag imtheacht ar fuaid an domhain le fonn anamnacha a chuir i mbealach a gcaillte.
Áiméan.
Saint Patrick’s breastplate
Christ with me,
Christ before me,
Christ behind me,
Christ in me,
Christ beneath me,
Christ above me,
Christ on my right,
Christ on my left,
Christ when I lie down,
Christ when I sit down,
Christ when I arise,
Christ in the heart of every man who thinks of me,
Christ in the mouth of everyone who speaks of me,
Christ in every eye that sees me,
Christ in every ear that hears me.
Lúireach Phádraig
Críost liom,
Críost romham,
Críost i mo dhiaidh,
Críost ionam,
Críost fúm,
Críost os mo chionn,
Críost ar mo dheis,
Críost ar mo chlé,
Críost i leithead,
Críost i bhfad,
Críost in airde,
Críost i gcroí gach duine a smaoiníonn orm,
Críost i mbéal gach duine a labhraíonn liom,
Críost i ngach súil a dhearcann orm,
Críost i ngach cluais a chluineann mé.
The Memorare
Remember, O most gracious Virgin Mary,
that never was it known
that anyone who fled to your protection,
implored your help or sought your intercession, was left unaided.
Inspired by this confidence
I fly unto you,
O Virgin of virgins, my Mother.
To you do I come,
before you I stand,
sinful and sorrowful.
O Mother of the Word Incarnate,
despise not my petitions,
but in your mercy hear and answer me.
Amen.
An Memorare
Chuimhnigh, a Mhaighdean Mhuire ró-cheansa,
nár chualathas trácht ar éinne riamh
a chuir é féin faoi do choimirce,
a d’iarr cabhair ort ná tairbhe d’idirghuí is gur theip tú air.
Lán de mhuinín asat, dá bhrí sin,
rithimse chugat,
a Mhaighdean na maighdean is a Mháthair.
Is chugatsa a thagaim,
Os do chomhair a sheasaim,
I mo pheacach bocht atuirseach.
A Mháthair an Aonmhic,
Ná diúltaigh do m’urnaí,
Ach éist liom go trócaireach agus tabhair toradh ar mo ghuí.
Áiméan.